Polasaí Príobháideachais
Ráiteas faoi Bheartas PLI
Polasaí Príobháideachais maidir leis an Láithreán Gréasáin nó an Aip
Tá rochtain ar an láithreán gréasáin/ an aip seo agus úsáid na faisnéise atá air á rialú ag na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha amach thíos. Ós rud é go bhfuil siad ceaptha chun tú féin agus Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe Premier Lotteries Ireland (dá ngairtear "PLI” anseo feasta) a chosaint, tóg an t-am chun iad a léamh go cúramach. Trí leas a bhaint an Láithreán Gréasáin /an Aip seo measfar go bhfuil tú tar éis glacadh leis na téarmaí agus na coinníollacha. Tabhair faoi deara go bhfuil an Láithreán Gréasáin/an Aip seo faoi úinéireacht PLI agus go bhfuil siad á bhfeidhmiú aige agus go dtagraíonn na téarmaí “muid” “-imid” agus “ár” agus aon réamhfhocal sa chéad phearsa iolra don PLI.
- Is linne nó lenár gceadúnóirí gach cóipcheart ar an láithreán gréasáin agus an fhaisnéis atá leagtha amach air agus ní féidir é a chóipeáil, a tharchur ná a atáirgeadh gan toiliú uainne roimh ré. Ní mór gach cóipcheart, trádmharc agus fógra dílseánach eile a fhágáil slán. Ach amháin má shonraítear a mhalairt, tá an t-ábhar ar na leathanaigh ar fad atá ar an láithreán gréasáin faoi chóipcheart PLI nó a cheadúnóirí.
- Tá toirmeasc ar atáirgeadh cuid den ábhar nó an t-ábhar go léir atá ar na leathanaigh i bhfoirm ar bith ach amháin i gcomhréir leis na ceadanna seo a leanas. Deonaíodh ceadúnas neamheisiach, neamh-inaistrithe duit d'aon toisc chun úsáid a bhaint as an láithreán seo agus as aon seirbhísí atá ar fáil ar an láithreán. Féadfaidh tú cóip neamhbhuan amháin a stórálfar go leictreonach a dhéanamh de na leathanaigh ar an láithreán seo d’aon toisc chun breathnú orthu ar líne. Is féidir leat cóip chrua amháin a dhéanamh de na leathanaigh seo chun críocha neamhthráchtála amháin.
- Ach amháin má shonraítear a mhalairt tá a cearta/chearta/gcearta morálta dearbhaithe ag údar/údair na saothar liteartha agus ealaíne atá san áireamh ar an láithreán seo go ndéanfar é/í/iad a aithint mar údar/údair na saothar sin.
- Ní thugann an ceadúnas seo cead go n-ionchorprófar an t-ábhar nó aon chuid de in aon saothar nó foilseachán eile, cibé acu i gcruachóip nó go leictreonach nó in aon fhoirm eile. Go háirithe (ach gan teorainn) ní fhéadfar aon chuid den láithreán seo a dháileadh nó a chóipeáil d'aon chuspóir tráchtála.
- Ní ceadmhach aon chuid den láithreán gréasáin seo a atáirgeadh nó a tharchur chuig, nó a stóráil in, aon Láithreán Gréasáin/Aip nó aon chineál aisghabhála leictreonaí.
- Tá naisc hipirtéacs ar roinnt leathanaigh ar an ngréasán seo le láithreáin gréasáin eile nach bhfuil á gcothabháil ag PLI. Meabhraítear duit nuair a théann tú chuig gréasáin eile trína leithéid de naisc hipirtéacs, nach mbeidh tú faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo agus ní bhainfidh tú leas as na cosaintí a dtugtar duit nuair a bhíonn ár láithreán á úsáid agat. Ní bheimid faoi dhliteanas ar bhealach ar bith as ábhar, infhaighteacht nó úsáid a leithéid de naisc le láithreáin gréasáin agus is ar do phriacal féin go hiomlán a úsáideann tú naisc den sórt sin.
- Barántaíonn tú go n-úsáidfidh tú an láithreán seo de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bhaineann le húsáid den sórt sin agus aontaíonn tú go slánóidh tú PLI as aon dliteanas a fhabhraíonn PLI ón leas a bhaineann tú as an láithreán seo.
- Tá an láithreán seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe na hÉireann agus beidh sé faoi rialú ag dlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an láithreán, glacann tú leis go mbeidh úsáid an láithreáin agus aon fhaisnéis ar an láithreán faoi rialú chomh maith ag dlíthe na hÉireann agus má eascraíonn aon éileamh nó díospóid ó úsáid an láithreáin nó aon fhaisnéis air, aontaíonn tú go mbeidh dlínse neamh-eisiach ag Cúirteanna na hÉireann maidir le gach éileamh nó díospóid den sórt sin.
- Féadfaidh úsáid an láithreáin seo nó dáileadh an eolais atá ar an láithreán nó ar an aip a bheith srianta ag dlí áitiúil nó ag rialachán áitiúil i ndlínsí áirithe agus níl sé i gceist go n-úsáidfear an Láithreán Gréasáin nó an Aip, ná go ndéanfar an t-eolas sin a dháileadh ina leithéid de dhlínsí agus ba cheart do na daoine a dhéanann an Láithreán Gréasáin nó an Aip a rochtain iad féin a chur ar an eolas faoina leithéid de shrianta agus cloí leo.
- Ní cheadaítear d’aon tríú páirtí aon láithreán gréasáin eile a nascadh leis an láithreán ná leis an aip seo gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré uainn.
- Tabhair faoi deara má sheoltar eolas pearsanta trí ríomhphost thar an idirlíon go mb’fhéidir nach mbeidh sé slán agus go bhféadfaidh tríú páirtithe é a idircheapadh nó go bhféadfar é a sheachadadh go mícheart. Ní ceart duit faisnéis faoi rún nó faisnéis phearsanta a nochtadh ar an idirlíon ach amháin má tá tú ag baint úsáide as teicneolaíocht chumarsáide atá slán nó criptithe.
- Féadfaimid ábhar an láithreáin nó na haipe seo lena n-áirítear na téarmaí agus na coinníollacha seo a athrú gan fógra a thabhairt duit. Ní ghlacaimid aon fhreagracht ná dliteanas as an bhfaisnéis atá ar an láithreán ná ar an aip seo a choinneáil cothrom le dáta ná as aon mhainneachtain déanamh amhlaidh.
- Tá an fhaisnéis atá ar an láithreán nó ar an aip seo chun críocha faisnéise amháin. Cé go bhfuil gach cúram glactha maidir lena hullmhú ní thugaimid aon bharántas agus ní dhéanaimid aon uiríll maidir lena hiomláine, a cruinneas ná a hiontaofacht. Cé go bhfuil gach iarracht réasúnach déanta againn chun a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ar fad ar an láithreán nó ar aip seo cruinn ag an am ar iniadh í, ní chuirimid in iúl go bhfuil sí amhlaidh agus ní ceart a bheith ag brath uirthi a bheith amhlaidh. Ní ghlacaimid agus ní admhaímid aon fhreagracht as ábhar an láithreáin nó na haipe seo. Is ar phriacal an úsáideora féin atá rochtain agus úsáid an láithreáin nó na haipe seo agus ní chuirimid in iúl agus ní thugaimid aon bharántas maidir le húsáid a bhaint as an láithreán ná as an aip seo ná as aon ábhar a íoslódálfar uaidh nach ndéanfaidh sé damáiste do mhaoin, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do chaillteanas sonraí nó ionfhabhtú le víreas ríomhaire. I gcás ar bith ní ghlacaimid le dliteanas de chineál ar bith i leith faillí i leith aon damáistí ar bith mar thoradh ar chaillteanas úsáide, sonraí nó brabúis a eascraíonn ó nó i dtaca le rochtain, úsáid nó feidhmiú an láithreáin nó na haipe seo nó aon rud a bhfuil ann. Ní ghlacaimid dliteanas as aon mhíchruinneas nó easnamh ar an láithreán nó ar an aip seo. Tá gach barántas intuigthe eisiata a mhéid is incheadaithe faoin dlí. Forchoimeádaimid an ceart chun an fhaisnéis ar an láithreán nó ar an aip seo a nuashonrú nó a athrú lena n-áirítear na téarmaí agus na coinníollacha seo ag am ar bith gan fógra a thabhairt i dtaobh na n-athruithe. Ní thugann NLC aon bharántas faoi úsáid gan briseadh an láithreáin nó na haipe seo agus ní ghlacann NLC aon dliteanas i leith aon eolais arna chur ar fáil ar an láithreán nó ar an aip seo ag tríú páirtithe.
- Cinnteoidh tú nuair a úsáideann tú an láithreán nó an aip seo go gcloífidh tú leis na dlíthe agus na rialacháin infheidhme, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do phrionsabail sin an dlí a chosnaíonn in aghaidh sárú cóipchearta, rúin trádála, eolas dílseánach agus cearta eile maoine intleachtúla, agus nach mbeidh tú faoi dhliteanas i leith clúmhilleadh carachtair, sárú príobháide nó cur isteach achrannach.
- Ní féidir a ráthú go bhfuil aon tarchur sonraí thar an idirlíon iomlán slán. Cé go ndéanaimid ár ndícheall chun faisnéis den sórt sin a chosaint ní féidir slándáil aon eolais a tharchuireann tú chugainn a chinntiú ná barántas a thabhairt faoi. Ar an ábhar sin, is ar do phriacal féin atá aon fhaisnéis a tharchuireann tú chugainn. Mar sin féin, nuair a fhaighimid ábhar a tharchuireann tú chugainn, cuirfimid bearta réasúnta i gcrích chun slándáil na faisnéise sin a chinntiú.
- Aontaíonn tú gan aon ábhar maslach, clúmhillteach nó neamhdhleathach a phostáil nó a fhoilsiú a spreagfadh nó a bheadh ina chion coiriúil, dliteanas sibhialta nó sárú ar aon dlí.
- Forchoimeádann PLI an ceart chun monatóireacht nó athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar ar an láithreán gréasáin nó ar an aip ach níl aon dualgas orthu é sin a dhéanamh agus ní ghlacann siad le haon dliteanas ná freagracht as an ábhar atá ann.
- Forchoimeádann PLI an ceart dá lánrogha féin aon ábhar a postáladh chuig an láithreán gréasáin nó an aip a bhaint.
- Féadfaidh PLI do chéannacht a nochtadh do pháirtithe ábhartha chun cuidiú le haon imscrúdú.
- Tugann tú barántas go bhfuil an t-eolas a iontrálann tú ar an láithreán nó ar an aip seo cruinn agus déanann tú muid a shlánú i leith aon damáiste nó costais dlí a eascraíonn as aon chaingean a ghlacfar inár n-aghaidh maidir leis an ábhar a phostáil tú.
Sonraí Ráiteas Príobháideachta PLI
Láithreán Gréasáin/Aip de chuid PLI
Tá an láithreán gréasáin/an aip seo á hoibriú ag Premier Lotteries Ireland DAC (“PLI”) agus go mbaineann an Ráiteas Príobháideachta leis a láithreán gréasáin nó leis an aip seo. Nílimid freagrach as ábhar ná as cleachtais príobháideachta láithreáin gréasáin eile. Maidir le haon naisc sheachtracha le láithreáin gréasáin eile is féidir a aithint go soiléir go bhfuil siad amhlaidh.
Chomh maith leis an Ráiteas Príobháideachta b'fhéidir gur mhaith leat ár bPolasaí maidir le Cosaint Sonraí a léamh freisin.Chun críche na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (an “Reachtaíocht um Chosaint Sonraí”), is é PLI a bhfuil a oifig chláraithe ag Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, Éire an rialaitheoir sonraí.
Ráiteas ginearálta
Tá meas ag PLI ar chearta úsáideoirí ár láithreáin gréasáin agus ár n-aipe agus tá sé tiomanta do do phríobháideacht a chosaint i gcónaí de réir na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí. Ní bhaileoimid aon eolas pearsanta (dá ngairtear sonraí pearsanta air freisin) fút ar an láithreán gréasáin ná ar an aip gan cead uaitse nó ar bhealach eile seachas de réir na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Tabhair faoi deara nuair a bhaineann tú úsáid as an láithreán gréasáin nó as an aip seo go nglacann tú le téarmaí an Ráitis Príobháideachta agus go n-aontaíonn tú gur féidir linn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil faoi mar atá leagtha amach sa Ráiteas Príobháideachta seo. Aontaíonn tú freisin go bhféadfadh aon chomharba nó sannaí de chuid PLI agus/nó aon cheann dá ghnóthais do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar a thuairiscítear sa Ráiteas Príobháideachta seo. Cuirimid na coinníollacha sin sa Ráiteas Príobháideachta seo in iúl do na daoine go léir a chuireann a gcuid sonraí pearsanta chugainn. Mura n-aontaíonn tú leis an Ráiteas Príobháideachta nó más ábhar imní duit gné ar bith de, is é an t-aon leigheas amháin atá agat éirí as an láithreán gréasáin nó an aip seo a úsáid.
Bailiú agus úsáid sonraí pearsanta
Ní gá duit aon fhaisnéis phearsanta (nó sonraí pearsanta) a chur ar fáil dúinn chun ár láithreán gréasáin nó ár n-aip a úsáid. Sa chás go roghnaíonn tú do shonraí pearsanta a thabhairt dúinn tríd an láithreán gréasáin nó an aip seo trí fhoirmeacha aiseolais ar líne, r-phost nó trí chlárú le himirt ar líne nó tríd ár n-aip soghluaiste sa chás sin déileálfaimid le do chuid faisnéise pearsanta i gcomhréir leis an Ráiteas Príobháideachta agus leis an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.
Brabhsáil an ghréasáin
Ní nochtann tú aon fhaisnéis phearsanta fút féin trí chuairt a thabhairt ar ár láithreán gréasáin ná ar ár n-aip agus ní bhailímid sonraí pearsanta fút. Bíonn an t-eolas a bhailítear faoi do chuairt teoranta do shonraí teicniúla, ar nós:
- seoladh loighciúil (nó seoladh IP) an ghléis a d'úsáid tú chun rochtain a fháil ar an láithreán gréasáin nó ar an aip seo;
- cibé ar shroich tú an láithreán nó an aip ag baint úsáide as inneall cuardaigh nó má chliceáil tú ar nasc le láithreán gréasáin nó aip eile nó ar fhógra meirge srl;
- an cineál brabhsálaí gréasáin a d’úsáid tú; agus
- an cineál feiste a d'úsáid tú chun rochtain a fháil ar an idirlíon.
- sonraí faoi do chuairteanna ar ár láithreán gréasáin nó ar ár n-aip agus na hacmhainní agus na leathanaigh ghréasáin a bhfuair tú rochtain orthu lena n-áirítear, gan teorainn, sonraí tráchta, sonraí suímh agus sonraí eile cumarsáide (lena n-áirítear seoltaí IP & MAC chomh maith le UDID an ghléis). Féadfaimid próifíl bhrabhsálaí a mheaitseáil le próifíl chláraithe úsáideora (trí fhianáin a úsáid) chun ábhar a phearsanú agus chun go mbeidh taithí bhrabhsála níos ábhartha ag an té sin;
- fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis an ngléas a úsáideann tú chun teacht ar ár láithreán gréasáin nó ár n-aip;
- eolas a bhailímid trí leas a bhaint as fianáin atá stóráilte ar do ghléas faoi conas a úsáideann tú ár láithreán gréasáin nó ár n-aip agus/nó láithreáin gréasáin tríú páirtí roghnaithe.
Bainimid úsáid as na sonraí sin chun críocha riaracháin agus staitistiúla chomh maith le cuidiú linn feabhas a chur ar ár láithreán gréasáin nó ar ár n-aip, ar an ábhar agus ar chumarsáid mhargaíochta. Ní thugann na sonraí teicniúla aon sonraí pearsanta dúinn faoi na cuairteoirí ar ár láithreán gréasáin ná ar ár n-aip.
Maidir le cuairteoirí a chláraigh cheana féin chun imirt ar líne nó a bhfuil a seoltaí curtha acu ar cheann dár liostaí ríomhphoist is féidir iad a aithint nuair a bhíonn siad ag brabhsáil an láithreáin nó na haipe (nuair nach mbíonn siad logáilte isteach) agus is féidir ábhar pearsanaithe nó teachtaireachtaí pearsanaithe atá níos ábhartha dóibh a thabhairt dóibh.
Trí chuairt a thabhairt agus/nó úsáid a bhaint as an láithreán nó an aip aithníonn tú agus toilíonn tú go dtaifeadtar agus go gcoinneofar a leithéid d’fhaisnéis atá liostaithe thuas chun na críocha sin.
Bogearraí anailíseach, rianú úsáide láithreáin gréasáin nó aipe PLI
Úsáideann PLI bogearraí anailíseacha chun cuairteanna ar láithreán gréasáin nó aip PLI a thomhas. Gabhann an bogearra seo sonraí teicniúla, neamhphearsanta a ligeann dúinn anailís a dhéanamh ar conas a úsáideann cuairteoirí an láithreán nó an aip. Úsáideann an bogearra anailíseach ‘Fianáin’. Is comhaid téacs iad sin a chuirtear ar do ríomhaire, chun faisnéis chaighdeánach loga idirlín a bhailiú mar aon le hiompar na gcuairteoirí i bhfoirm anaithnid. Féach ar ár bPolasaí maidir le Fianáin.
Do chuid faisnéise pearsanta a thabhairt dúinn
Tabhair faoi deara nuair a thugann tú d’faisnéis phearsanta dúinn (m.sh. d’ainm, seoladh, dáta breithe, seoladh r-phoist, uimhreacha teagmhála gutháin, faisnéis faoi chártaí creidmheasa nó dochair agus/nó faisnéis teagmhála eile), trí shaoráid atá ar fáil ar an láithreán gréasáin nó ar an aip seo nó go díreach trí r-phost chugainn, go bhféadfaimid:
(a) do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a riar chun gach gníomh a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt do d'iarratas nó do threoir; agus
(b) taifead a choinneáil de theachtaireachtaí a thagann isteach agus a théann amach (m.sh. ríomhphost).
Ní dhéanfar an fhaisnéis sa ríomhphost a fhaighimid agus a sheolaimid a nochtadh d'aon tríú páirtí gan cead ón seoltóir nó ar shlí eile de réir na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí nó mar atá leagtha amach sa chuid thíos faoin teideal “Nochtadh Faisnéise do Thríú Páirtithe”.
Féadfaimid do chuid faisnéise pearsanta a úsáid chun na gcríocha seo a leanas chomh maith:
- lena chinntiú go gcuirfear ábhar ón láithreán gréasáin seo nó ón aip seo i láthair ar an mbealach is éifeachtaí duitse agus do do ríomhaire;
- lena chinntiú go ndéanaimid íoslaghdú, chomh fada agus is praiticiúil, ar fhaisnéis nó teachtaireachtaí nach mbaineann leat;
- chun scéal a sheoladh chugat i ndiaidh clárú sonraí do chuntais;
- chun rochtain ar an láithreán nó an aip a sholáthar duit agus chun deis a thabhairt duit a bheith rannpháirteach i ngnéithe idirghníomhacha an láithreáin gréasáin nó na haipe seo;
- chun freagra a thabhairt ar aon cheist a sheolann tú chugainn;
- chun faisnéis, táirgí nó seirbhísí a sheoladh chugat a d'iarr nó a chreidimid go mbeadh suim agat iontu, sa chás gur thoiligh thú go ndéanfaí teagmháil leat chun na críocha sin (lena n-áirítear trí theachtaireachtaí díreacha ar na meáin shóisialta chun Díriú ar Phobal Saincheaptha);
- chun faisnéis a chur ar fáil duit maidir le seirbhísí a chuirimid nó ár gcomhpháirtithe nó ár bhfógróirí ar fáil, sa chás gur thoiligh thú go ndéanfaí teagmháil leat chun na críocha sin (lena n-áirítear trí theachtaireachtaí díreacha ar na meáin shóisialta chun Díriú ar Phobal Saincheaptha);
- chun do thuairimí a lorg faoin láithreán nó faoin aip seo agus faoinár seirbhísí;
- lena chur in iúl duit faoi aon athruithe ar an láithreán nó ar an aip seo nó ar ár sheirbhísí;
- chun aon iarratais a fhaighimid uait a phróiseáil;
- chun aon oibleagáidí conarthacha atá déanta idir tú féin agus PLI a chomhlíonadh;
- chun nuachtlitreacha, brúfhógraí, ríomhphoist fógraíochta, agus teachtaireachtaí margaíochta a sheoladh chugat agus chun seirbhísí gaolmhara a thairiscint duit ó PLI (lena n-áirítear teachtaireachtaí saincheaptha agus cumarsáid spriocdhírithe trí na meáin shóisialta agus trí chórais fógraíochta eile trí leas a bhaint as pobail saincheaptha); agus
- chun cuidiú linn ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le cluichíocht fhreagrach.
Féadfaimid sonraí anaithnide a fháil ó thríú páirtithe freisin, agus nuair a chomhcheanglaítear iad le sonraí eile atá againn, gur féidir thú a aithint tríothu. Chomh luath agus is féidir thú a aithint ó na sonraí comhcheangailte, déanfaimid iad a phróiseáil sa chaoi chéanna is a phróiseáiltear sonraí pearsanta eile chun críocha an Polasaí Príobháideachta seo.
Nochtadh Faisnéise do Thríú Páirtithe
Ní nochtfaimid faisnéis fút trínar féidir thú a aithint chuig tríú páirtithe ach amháin má thoiligh tú don nochtadh sin nó sa chás go bhfuil an tríú páirtí ag teastáil le haghaidh ár seirbhís ghréasáin nó aipe. Seo roinnt samplaí de sheirbhísí den sórt sin, sonraí a anailísiú, seirbhísí margaíochta a chur ar fáil, íocaíochtaí a phróiseáil (lena n-áirítear íocaíochtaí le cártaí creidmheasa) agus seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí. I gcúinsí den sórt sin, bíonn an tríú páirtí faoi cheangal ag ceanglais den chineál céanna um chosaint sonraí.
Féadfaimid cuid nó iomlán d’fhaisnéis inaitheanta pearsanta a nochtadh (seachas faisnéis faoi chártaí creidmheasa) le ceannaithe nó le soláthraithe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, soláthraithe táirgí agus seirbhísí a bhfuil a gcuid seirbhísí ceannaithe againn chun críocha tráchtála. Ní féidir leat úsáid a bhaint as an láithreán ná as an aip murar mian leat go n-úsáidfimid nó go nochtfaimid faisnéis inaitheanta pearsanta a bailíodh fút ar an mbealach a aithníodh sa Ráiteas Príobháideachta. Má roghnaíonn tú faisnéis inaitheanta phearsanta a nochtadh nuair atá barúlacha nó faisnéis nó ábhar eile á phostáil agat tríd an láithreán nó an aip seo, d'fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ar fáil go poiblí, agus d’fhéadfadh daoine eile í a bhailiú agus a úsáid. Ní bheidh aon oibleagáidí orainn maidir le haon fhaisnéis a phostálann tú chuig codanna den láithreán nó den aip seo agus a bheidh ar fáil do dhaoine eile.
Déanfaimid faisnéis inaitheanta phearsanta fút a nochtadh má chreideann muid de mheon macánta go bhfuil dualgas orainn í a nochtadh d’fhonn: (a) déanamh de réir aon dlí is infheidhme, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó ordú rialála nó aon cheanglas reachtúil eile nó dlí lena n-áirítear ár n-oibleagáid chun faisnéis a sholáthar do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta; (b) na Téarmaí & na Coinníollacha nó comhaontuithe eile a chur i bhfeidhm nó chun ár gcearta, ár maoin nó sábháilteacht PLI agus/nó a fhochuideachtaí agus a ghrúpa cuideachtaí a chosaint; nó (c) chun sábháilteacht úsáideoirí an láithreáin nó na haipe seo nó daoine eile a chosaint.
Féadfaimid do chuid faisnéise pearsanta inaitheanta a nochtadh do bhaill eile an PLI agus grúpa cuideachtaí Camelot Global agus le conraitheoirí ceadaithe nó fochonraitheoirí ceadaithe atá ag obair ar ár son.
Féadfaimid sonraí neamh-inaitheanta pearsanta a sholáthar do thríú páirtithe, i gcás ina mbíonn an fhaisnéis sin comhcheangailte le faisnéis cosúil leis faoi úsáideoirí eile an láithreáin gréasáin nó na haipe seo. Mar shampla, d'fhéadfaimis a insint do thríú páirtithe faoi líon na n-úsáideoirí uathúla a thugann cuairt ar an láithreán nó ar an aip seo, nó miondealú déimeagrafach a thabhairt dóibh ar na daoine a úsáideann an láithreán nó an aip seo, nó na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ag cuairteoirí ar an láithreán nó ar an aip le linn dóibh a bheith ar an láithreán nó ar an aip. Ar na tríú páirtithe a d’fhéadfaimis an fhaisnéis sin a sholáthar dóibh tá, mar shampla, fógróirí ionchasacha nó iarbhír, soláthraithe seirbhísí fógraíochta (lena n-áirítear seirbhísí rianaithe láithreán gréasáin nó aipeanna), comhpháirtithe tráchtála, urraitheoirí, ceadúnaithe, taighdeoirí agus páirtithe eile dá leithéid.
Slándáil sonraí
Glacann PLI go lándáiríre lena oibleagáidí slándála i leith do shonraí pearsanta faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí maidir le cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe, nó athrú nó scrios na sonraí pearsanta atá inár seilbh.
Ar an drochuair, níl an tarchur faisnéise ar an Idirlíon slán go hiomlán. Cé go ndéanfaimid ár ndícheall chun do shonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn a ráthú go mbeidh do shonraí a tharchuirtear chuig an láithreán gréasáin nó chuig an aip seo slán; Is ar do phriacal féin a bhíonn aon tarchur. Chomh luath agus a fhaigheann PLI do chuid faisnéise, úsáidfimid nósanna imeachta agus gnéithe slándála dochta chun cosc a chur le rochtain neamhúdaraithe.
Aistrithe idirnáisiúnta sonraí
Féadfar na sonraí a bhailímid uait a aistriú chuig ceann scríbe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) agus a stóráil ann. Féadfaidh baill foirne atá ag feidhmiú lasmuigh den LEE agus atá ag obair dúinn iad a phróiseáil chomh maith. Féadfaidh a leithéid de bhaill foirne a bheith ag gabháil de phróiseáil do shonraí íocaíochta agus ag soláthar seirbhísí leantacha. Trí chur isteach do shonraí pearsanta, aontaíonn tú go ndéanfar iad a aistriú, a stóráil nó a phróiseáil. Déanfaimid gach beart is gá le réasún lena chinntiú go gcaithfear ar bhealach slán le do shonraí agus de réir an Ráitis Príobháideachta seo.
Ceart Rochtana
Sa chás gur chuir tú do chuid sonraí pearsanta ar fáil dúinn tá sé de cheart agat go dtabharfar cóip de do shonraí pearsanta duit de réir alt 4 den Reachtaíocht um Chosaint Sonraí faoi réir roinnt eisceachtaí áirithe. Chun cóip de do shonraí pearsanta a iarraidh tabhair cuairt ar ár bPolasaí um Iarratas Rochtana óna bhféadfaidh tú ár bhFoirm Iarratais ar Rochtain a iarraidh lena comhlánú sula seolfaidh tú í chugainn faoi chúram “An tOifigeach Comhlíontacháin um Chosaint Sonraí, Premier Lotteries Ireland DAC, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1” mar aon leis an táille forordaithe, €6.35. Tabhair faoi deara na riachtanais thábhachtacha seo a leanas:
- Má bhíonn iarratas ar rochtain á dhéanamh agat ba cheart duit ár bhFoirm Iarratais ar Rochtain a úsáid;
- Ní dhéanfaimid aon iarratas rochtana a phróiseáil mura bhfaighimid an táille fhorordaithe, €6.35, le seic nó le hordú airgid poist iníoctha le Premier Lotteries Ireland; agus
- Ní ghlacaimid le hiarratais ar rochtain ar an teileafón, trí ríomhphost nó mar théacsteachtaireacht.
Ceart um cheartú nó um scriosadh
Má tá faisnéis mhícheart againn fút, tá sé de cheart agat go leasófaí na sonraí. Lena chois sin tá sé de cheart agat go scriosfar aon eolas atá seolta agat chugainn tríd an láithreán gréasán nó an aip seo. Chun do cheart um cheartú nó um scriosadh a iarraidh seol d'iarratas chugainn i scríbhinn chuig: an tOifigeach Comhlíontacháin um Chosaint Sonraí, Premier Lotteries Ireland, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 mar aon le:
- D'ainm agus do sheoladh.
- Cur síos ar na sonraí pearsanta ar leith ar mian leat a cheartú.
- Má iarrann tú go scriosfar do shonraí pearsanta déanfar do shonraí go léir a scriosadh faoi réir an fhógra thábhachtaigh seo a leanas.
Ní cheanglaítear orainn do shonraí a cheartú nó a scriosadh i gcás go gcuirfeadh sé sin cosc ort d’oibleagáidí conarthacha maidir linne a chomhlíonadh nó i gcás go n-éilítear orainn do shonraí pearsanta a phróiseáil (lena n-áirítear m.sh. idirbhearta a choinneáil chun críocha cuntasaíochta agus iniúchta nó d'fhonn a thabhairt do Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta) chun críche dleathaí de réir na Reachtaíochta um Chosaint sonraí.
Tá súil ag PLI go dtuigeann tú go bhfuil meas againn ar do cheart chun príobháideachta agus go gcinnteoidh ár macántacht agus ár n-ionracas go mbeidh a leithéid de mhuinín agat asainn go dtabharfaidh tú do shonraí pearsanta dúinn agus go mbeidh a fhios agat nach ndéanfaimid iad a úsáid chun aon chríche míchuí.
Má tá ceisteanna agat nó aon ábhar imní ort faoinár Ráiteas Príobháideachais, téigh i dteagmháil linn ag: info@lottery.ie. Is é Premier Lotteries Ireland DAC, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, Éire ár seoladh cláraithe.
Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáideadh
Fianáin
Píosaí beaga faisnéise, stóráilte i gcomhad téacs shimplí agus a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an láithreán gréasáin fianáin a léamh nuair a thugann tú cuairteanna air ina dhiaidh sin chun gur féidir leat teacht ar eolas ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla. Féadfaidh baint a bheith ag an eolas atá stóráilte i bhfianán le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir aitheantais uathúil chun go bhféadfaidh an láithreán gréasáin "cuimhneamh" ort nuair a thugann tú cuairt eile air. De ghnáth ní bhíonn aon fhaisnéis phearsanta i bhfianáin trínar féidir thú a aithint, ach amháin má chuir tú faisnéis den sórt sin ar fáil ar leithligh don láithreán gréasáin.
Seoladh IP
Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta ghréasáin), arna léiriú i “bprótacal idirlín" (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé nach ionann an seoladh i gcónaí gach uair a dhéantar nascadh.
Sonraí pearsanta
Ciallaíonn sé sin eolas fút atá i seilbh PLI trínar féidir thú a aithint (m.sh. d'ainm agus do sheoladh)
Brabhsálaí gréasáin
An bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Mar shampla Microsoft Internet Explorer, Google Chrome, Firefox agus Safari.