Raidió Rí-Rá

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún raidió náisiúnta cheol-cairte lán-aimseartha do dhaoine óga a chraolann go hiomlán i nGaeilge.

Tá sceideal iomlán ceoil, comhrá is spraoi ag an stáisiún raidió ar líne seo agus an t‑iomlán á chur i láthair trí Ghaeilge amháin.

Daoine deonacha agus mic léinn tríú leibhéil iad formhór de láithreoirí Raidió Rí-Rá.  Is cuid thábhachtach d’obair an stáisiúin í saotharlanna a chur ar fáil i mbunscoileanna is i meánscoileanna ar fud na tíre – rud a thugann deis do dhaoine óga blas a fháil ar bheith ag obair i gcúrsaí raidió mar láithreoir nó fiú amháin sa chúlra!

Chuir maoiniú ó chiste Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta ar chumas Raidió Rí Rá treallamh breise a cheannach le go bhféadfadh sé craoladh ar an gcaighdeán is airde agus chun a chlár scoile a mhaoiniú gach bliain.

I 2018 aithníodh Raidió Rí Rá go hoifigiúil mar bhuaiteoir chatagóir na Gaeilge i nGradaim Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta agus bain siad leas as a n-airgead duaise chun infheistiú in dá stiúideo úrnua i nGaillimh is i gCorcaigh.

Ó bunaíodh é i 2008, tá Raidió Rí Rá tar éis fás ó neart go neart agus i 2019 bhí sé mar mhaoímh ag an stáisiún go raibh 24,008 éisteoir acu in aghaidh na míosa.  Is ionann é seo agus fás de 21% ó 2018 agus méadú de 95% ó 2017.