Ó Bhéal

Ardán pobalbhunaithe é Ó Bhéal a chuireann ar chumas fhilí seanbhunaithe agus nuafhilí chun páirt a ghlacadh i bhfilíocht chomhaimseartha agus i scríbhneoireacht chruthaitheach agus an Ghaeilge á cur chun acu i rith an ama ina gcuid clár acu.

Féachann Ó Bhéal le huileghabhálacht agus le hilghnéitheacht a bheith mar dhlúthpháirt aige agus raon aoise, cultúrtha agus gnéis bheith chomh cothrom agus is féidir a bheith  acu ó lucht fágála scoile agus ó mhic léinn ollscoile go dtí daoine fásta de gach aois agus raon leathan teangacha á labhairt tríd an gclár.

Bé Paul Casey ó Cho. Chorcaí a bhunaigh Ó Bhéal agus an aidhm aige ardán inrochtana a chur ar fáil d’fhilí chun iniúchadh a dhéanamh ar cad a fhéadfaí a bhaint amach tríd an bhfilíocht. Bhí mar aidhm ag an eagraíocht an drogall roimh an fhilíocht, a d’eascair as scolaíocht, a chaitheamh ar shúil agus rud cuimsitheach, mar a mbeadh fáilte roimh gach cineál filíochta agus gach leibhéal taithí, a dhéanamh di

Teangeolaí díograiseach é Paul Casey a labhraíonn sé theanga, ar a n-áirítear Súlais (Zulu) agus Afracáinis (Afrikaans) ach a bhfuil a chroí sa Ghaeilge aige. Tar éis dó seal a chaitheamh sa tSaimbia agus san Afraic Theas d’fhill Paul abhaile go hÉirinn agus d’fhéach sé leis an nGaeilge a athfhoghlaim.  Nuair a thosaigh sé a chuid oibre le Ó Bhéal bhí fís rí-shoiléir ag Paul faoi chur chun cinn na teanga, faoina stádas agus faoin ngá le hí a leathadh.

Agus maoiniú ó chiste Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta faighte ag an eagraíocht do Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (BEOC) i 2018 bhí ar chumas Ó Bhéal sraith de shé imeacht tráthnóna, 'Make a Connection', a chur i láthair ina léamh filíochta ag fili Éireannacha nó Eorpacha seanbhunaithe chomh maith le fili a tháinig go hÉirinn agus le scríbhneoirí a bhí ina gcónaí in ionaid sholáthair dhírigh.

Bhí ar chumas an lucht páirtíochta agus an lucht freastail araon tuiscint níos fearr a fháil ar an raon éagsúlachta  a bhí i bpobail áitiúla éagsula trí idirphlé agus trí chaidreamh a chuir ar chumas Ó Bhéal fili seanbhunaithe a chur le fili nua, a raibh gealladh fúthu, ón bpobal inimirceach, maille léargas agus le caidreamh ar phobail Éireannacha.