Ionad Cultúrtha

Lárionad ealaíne agus cultúrtha é Ionad Cultúrtha in Gaeltacht Mhúscraí i gCo. Chorcaí a sholáthraíonn cláir phobalbhunaithe seirbhísí i nGaeilge is i mBéarla araon. Eagraíonn siad raon leathan d’imeachtaí ealaíne, dála ceolchoirmeacha, ranganna, taispeántais agus cláir for-rochtana i scoileanna, in ionaid cúram lae agus in áiteanna eile i nGaeltacht Mhúscraí. Tá an t-ionad á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Co. Chorcaí agus tá ról ríthábhachtach aige i ngnáth-shaol laethúil mhuintir Mhúscraí.

Bunaíodh Ionad Cultúrtha sna 1980aidí mar chomhiarracht phobail chun ionad cultúrtha a bhunú ach tháinig borradh ceart faoin obair nuair a bhrúigh Mícheál Ó Lionáird, athair Iarla Ó Lionáird, príomhamhránaí The Gloaming, an tionscadal chun tosaigh.  Bhí mar Aisling aige lárionad cultúrtha mar a mbeadh ceol agus tionscadail oideachasúla a d’fhreastlódh  ar a phobal áitiúil.

Ag an tús, bhí bunú an lárionaid páirtmhaoinithe ag an stát agus dhein an pobal an chuid eile. Chun an pointe seo a léiriú, deineadh an t-urlár sa limistéar taispeántais de leaca ó thithe gach duine den phobal agus tá sé mar ábhar grinn fós ag muintir na háite nach féidir riamh bord a chur ina sheasamh go cothrom ar an urlár úd!  Bhí, agus tá ariamh, braistint ríthábhachtach d’fhíor-spiorad pobail ag croílár an Ionad Cultúrtha!

Bhain an tIonad Cultúrtha leas as deontais de chuid an Chrannchuir Náisiúnta a fuarthas ó roinnt ranna Rialtais dála an FSS agus an Chomhairle Ealaíon a bhí thar a bheith tábhachtach i reáchtáil a gcuid tionscadal pobail.

Cuireann an maoiniú a fhaightear ar chuma an Ionad Cultúrtha clár ealaíne Tacaois a reáchtáil  - clár a dhíríonn ar dhaoine sa phobal atá anonn sna blianta agus a thugann orthu páirt a ghlacadh i ranganna péintéireachta. Léirítear é seo i dtaispeántas bliantúil, a mbíonn an-tóir air, agus a chruthaíonn borradh sa phobal áitiúil bliain i ndiaidh a chéile.