OChBÁC/Fáilte ar Líne

Tionscadal digiteach oideachasúil é Fáilte ar Líne a tosaíodh i 2018 mar iarracht chomhoibríoch mar chuid d’Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach (INFD) de chuid OChBÁC agus Fiontar/Scoil na Gaeilge de chuid na hOllscoile.

Cúrsa é atá ar fáil don diaspóra leathan Éireannach a dhíríonn ar thionscadail teanga agus cultúrtha.  Agus é bunaithe ag OChBÁC bhí os cionn 45,000 mac léinn ó 140 tír cláraithe ag Fáilte ar Líne chun an Ghaeilge a fhoghlaim thar ocht gcúrsa éagsúil.  D’fhreastail an clár foghlamtha mar thaca ag baill den diaspóra Éireannach agus iadsan ar mian leo an Ghaeilge agus an cultúr a ghabhann léi mar chuid de chlár iontach ar líne.

Bí sé mar fhís ag Fáilte ar Líne an Ghaeilge, agus an cultúr Gaelach a ghabhann léi, a chur ar fáil do lucht spéise níos leithne ar a n-áirítear diaspóra forleathan Éireannach ar fud na cruinne.  Bhí mar sprioc cúrsa ar líne a chur ar fáil don phobal forleathan seo.  Spéisiúil go leor, síneadh amach chomh maith chuig daoine nach raibh aon nasc géiniteach nó stairiúil acu le hÉirinn ach a raibh spéis acu sa chultúr is sa teanga ach ar mhaith leo teacht i dteagmháil  le háit éigin ina fhéadfaidís a leithéid a dhéanamh.  Theastaigh ó OChBÁC ardán a sholáthar ina fhéadfaí áis foghlama Gaeilge a rochtain go héasca ar fud na cruinne.

Sheol Fáilte ar Líne a thionscnamh suaitheanta i 2018 agus d’éirigh go seoigh leis agus foghlaimeoirí ar fud na cruinne ag glacadh páirte inti. Ón am a bhí an seoladh rathúil úd ann tá siad ag dearadh is ag forbairt cúrsaí ar gach leibhéal de chumas labhartha na Gaeilge ina bhfuil breis is 100,000 rannpháirtí ag glacadh páirte.

Chuir maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta ar chumas OChBÁC ardán a sholáthar mar a  fhéadfaí áis foghlama Gaeilge a rochtain go saoráideach ar fud an domhain arbh chuid í de scéin níos leithne a bhí á maoiniú ag deontais Stáit agus ag an gCrannchur Náisiúnta araon.

Fuair tionscadal Fáilte ar Líne aitheantas oifigiúil don obair a bhí ar siúl acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn nuair a bronnadh aitheantas orthu mar bhuaiteoirí Ghradam Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta i gCatagóir na Gaeilge i 2019.

Tá Irish 101 - an Introduction to Irish language and culture, á reáchtáil acu i gcomhair Sheachtain na Gaeilge i mbliana, agus is féidir leat clárú leo ar www.futurelearn.com. Tosóidh an cúrsa ar an 15ú lá déag.