Conradh na Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ar an saol le beagnach 130 bliain agus is í an phríomheagraíocht in Éirinn a chuireann an Ghaeilge chun cinn.  Tá líonra an-láidir pobalbhunaithe ag an eagraíocht ina bhfuil 200 craobh ar fud oileán na hÉireann.  Díríonn Conradh na Gaeilge ar abhcóideacht, ar chosaint agus ar chur chun cinn leanúnach na Gaeilge sa ghnáthshaol.

Ceardlann oideachasúil, a bhfuil an-tóir uirthi, é an “Seó Bóthair” a bhíonn ar siúl i scoileanna go léir ar fud na tíre gach bliain –  is ceann de na cláir oideachasúla atá ag Conradh na Gaeilge.  Tá sé mar aidhm ag an seó bóthair  taispeáint do dhéagóirí gur teanga bheo í an Ghaeilge – ní ábhar scoile amháin – agus cén tslí inar féidir í a úsáid sa saol laethúil.

Tá maoiniú ó chiste Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta tar éis Seó Bóthair a ardú chuig leibhéal nua.  Tá an seó bóthair á thairiscint saor in aisce anois do gach scoil agus tá sé ar fáil do níos mó scoileanna DEIS i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste agus taistealaíonn sé go dtí na scoileanna tuaithe is iargúlta in Éirinn.  Chabhraigh maoiniú breise le Conradh na Gaeilge a n-eagraíocht a fhorbairt chun beirt bhall foirne lánaimseartha a fhostú – daoine a thacaíonn le clár Seó Bóthair ar bhonn lánaimseartha.  Chuir sé seo leis an gclár a chur ar fáil do dhá oiread an líon scoileanna is a bhí á fháil roimhe sin.

Osclaíonn Seó Bóthair an Ghaeilge d’ár n-óige ar shlí nach féidir le haon tionscadal eile a dhéanamh. Trí leas a bhaint as ceardlanna agus plé le héascaitheoirí spreagúla tugann Seó Bóthair dúshlán na miotas faoin ábhar scoile “atá ag fáil bháis”, arbh í an Ghaeilge í.  Reachtaítear na ceardlanna uile go dátheangach i dtreo is gur féidir leis na rannpháirtithe uile bheith páirteach, cuma cén cumas sa Ghaeilge atá acu.