Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Bhain Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí leas as maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta ó Scéim Tacaíochta na Gaeilge chun tabhairt faoi chlár a eagraítear i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus TechSpace, eagraíocht neamhbhrabúis oideachasúil a chabhraíonn le hoideachasóirí i ngach réimse foghlamtha a bheith cruthaitheach leis an teicneolaiocht chun cur le scileanna, le spriocanna agus le deiseanna do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge.

Agus leas á bhaint acu as an maoiniú seo tá BOO Chiarraí tar éis sain-treallamh a cheannach le húsáid ar chuspóirí oideachasúla, go bunúsach chun bunmhúinteoirí agus meánmhúinteoirí  a oiliúint – daoine a bhíonn ag obair le daoine óga chun iad a dhéanamh cruthaitheach go digiteach agus oilte i scileanna dála iriseoireacht, eagarthóireacht físe/fuaime agus forbairt phodchraoltai.