Déanann an Crannchur Náisiúnta ceiliúradh ar ghrúpaí Gaeilge a bhfuil dul chun cinn ollmhór á dhéanamh acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge

Baineann an Crannchur Náisiúnta le saol daoine a fheabhsú, ní hiadsan amháin a bhaineann duaiseanna ach gach duine sa tsochaí. Mar sin, trínár gcluichí a imirt cabhraíonn muintir na hÉireann le sochaí níos fearr a chruthú trí mhaoiniú,, a bhfuil géarghá leis, a chruinniú do Dhea-Chúiseanna i réimsí, dála spórt is fóillíocht, an cultúr náisiúnta, an oidhreacht, an Ghaeilge, na hEalaíona, cúrsaí sláinte, an pobal, an óige agus an timpeallacht nádúrtha.

Ón uair a bunaíodh an Crannchur Náisiúnta os cionn 33 bliain ó shin cruinníodh os cionn €5.8 billiún do Dhea-Chúiseanna ar fud na hÉireann.  Tá éifeacht shuntasach ag cuid den mhaoiniú seo ar eagraíochtaí is ar ghrúpaí atá ag saothrú chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile is i gcéin chun ár dteanga dhúchais a chur ar fáil do gach duine den phobal. 

Chun Seachtain na Gaeilge 2021 a cheiliúradh tá bród ar an gCrannchur Náisiúnta solas a chaitheamh ar roinnt eagraíochtaí inspioráideacha tríd an tír a bhfuil mar aon aidhm acu an teanga Ghaeilge a chothú, a chur chun cinn is a fhás trí thionscnaimh chliste agus ceannródaíochta le cabhair ó mhaoiniú do Dhea-Chúiseanna

Thairis sin, tá an Crannchur Náisiúnta tar éis spreagadh a thabhairt do ghrúpaí nó do thionscnaimh phobail, a chuireann an Ghaeilge chun cinn trína gcuid oibre, cur isteach ar mhaoiniú do Dhea-Chúiseanna ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán trí chuairt a thabhairt ar www.chg.gov.ie