Conas do dhuais a éileamh
Braitheann d’éileamh ar an méid a bhuaigh tú agus cibé ar imir tú ar líne nó i siopa i gceann de shuíomhanna ár ngníomhairí miondíola:
Imreoirí ar Líne
Is féidir le himreoirí a chláraigh le cuntas ar líne agus a roghnaigh imirt trínár suíomh gréasáin www.lottery.ie nó ar an aip a gcuid duaiseanna a éileamh ar na bealaí seo a leanas:
Déanfar suimeanna duaise ó €1 - go €99 a aistriú go huathoibríoch chuig do vallait ar líne. Is féidir leat aon chistí nár úsáideadh a tharraingt siar uair ar bith trí logáil isteach agus 'Mo Chuntas' a roghnú agus 'Tharraingt siar' a roghnú ina dhiaidh sin agus eiseofar an méid sonraithe le seic a mbeidh "Cuntas an Íocaí Amháin” stampáilte air, chuig an seoladh a bheidh sonraithe i do Chuntas Imreora.
Maidir le duaiseanna ó €100 suas go €500, seolfar seic go huathoibríoch tríd an bpost chuig do sheoladh cláraithe.
Má buann tú duais ó €501 suas go dtí €9,999, rachaidh PLI i dteagmháil leat agus déanfar do chuid sonraí aoise agus aitheantais a fhíorú agus seolfar Foirm Éilimh chugat lena críochnú sula n-eiseofar seic chugat.
Maidir le duaiseanna €10,000 agus os a chionn, ní mór duit dul go Ceanncheathrú an Chrannchuir Náisiúnta áit a ndéanfar do chuid sonraí aoise agus aitheantais a fhíorú sula n-eiseofar seic chugat. Ní mór duit do duais a éileamh laistigh de 90 lá ó dháta na tarraingthe infheidhme nó ó dhátaí na dtarraingtí infheidhme.
Más gá duit cabhair bhreise a fháil téigh i dteagmháil lenár bhfoireann tacaíochta ar líne ag 1890 244 344 nó sheol do fhreagra ar aghaidh chuig support@lottery.ie. Is ó 9:30 am go 8 pm, ó Luan go Satharn ár n-uaireanta oifige.
Imreoirí miondíola
Má tá ticéad a bhuaigh i do sheilbh agat a cheannaigh tú i siopa, ní mór duit do duais a éileamh laistigh de 90 lá ó dháta na tarraingthe infheidhme nó ó dhátaí na dtarraingtí infheidhme.
Ionstraim iompróra is ea do thicéad, mar sin tabhair aire dó amhail is dá mba airgead tirim é. Is é sin an t-aon chruthúnas bailí gur imir tú cluiche agus ní mór é a chur i láthair chun duais a éileamh.
Ba cheart duit d’ainm a shíniú ar chúl gach ticéid a bhuaigh sula gcuireann tú i láthair iad le haghaidh íocaíochta.
Is féidir duaiseanna chomh hard le €100 agus an tsuim sin san áireamh freisin a éileamh ag aon Ghníomhaire de chuid an Chrannchuir Náisiúnta. Féadfaidh gníomhairí duaiseanna níos airde (suas go dtí €2,500 agus an tsuim sin san áireamh freisin) a íoc dá rogha féin.
Rathaíonn Ionaid Éilimh Duaise de chuid Oifig Chomhlachta An Phoist íocaíocht duaiseanna níos lú ná €15,000. Íoslódáil liosta d’Ionaid Éilimh Duaise de chuid Oifig Chomhlachta An Phoist (PDF).
Féadfar duaiseanna a éileamh ar phriacal an éilitheora trína gcur sa phost chuig An Crannchur Náisiúnta, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1. Ní mór an ticéad a shíniú ar a chúl agus ainm agus seoladh an éilitheora a sholáthar.*
Níl duaiseanna de €15,000 ná os a cionn iníoctha ach amháin ag an gCrannchur Náisiúnta, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1. Ba cheart d’imreoir a bhfuil ticéad a bhuaigh níos mó ná €15,000 aige nó aici na bearta seo a leanas a dhéanamh:
1. Sínigh cúl an ticéid a bhuaigh.
2. Cuir an ticéad in áit shábháilte.
3. Déan teagmháil leis an gCrannchur Náisiúnta a luaithe agus is féidir.
(01-836 4444, ó 9:15 am go 5:30 pm ó Luan go hAoine)
D'fhéadfadh roinnt duaiseanna scríobchártaí a bheith buaite cheana féin. Ní mór duaiseanna a éileamh laistigh de 90 lá i ndiaidh an fógra go bhfuil an cluiche thart.
Tá gach duais saor ó cháin.
*Ní cheadaítear do bhuaiteoirí Meaitseáil 5 + 2 Lucky Stars, Meaitseáil 5 + 1 Lucky Star, Meaitseáil 5 ná duaiseanna €15,000 ná ós a chionn sa chluiche EuroMillions, ná buaiteoirí na Duaise is Mó sa chluiche EuroMillions Plus a dticéid a chur tríd an bpost chuig an Crannchur Náisiúnta.