Irish Language Good Causes Awards Finalists 2025
Congratulations to the Irish Language Category Finalists!
Gaillimh le Gaeilge – Galway
Gaillimh le Gaeilge was established to promote the Irish language in Galway, providing translation services and regularly organising Irish language events. The organisation also provides guidance, recommendations and practical support to the business community in relation to the use of Irish on signage, marketing material, menus, social media and much more!
Gaillimh le Gaeilge – Gaillimh
Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i nGaillimh, chun seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil agus chun imeachtaí Gaeilge a eagrú go rialta. Cuireann an eagraíocht treoir, moltaí agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil freisin don phobal gnó maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht, ábhar margaíochta, biachláir, na meáin shóisialta agus go leor eile!
Na Gaeil Óga CLG - Dublin
Na Gaeil Óga CLG is a GAA club based in West Dublin, is dedicated to bringing the Irish language to life through sport. The club create opportunities for young people and local communities to use Irish in everyday settings, on and off the pitch. Through a wide range of Irish-language activities, including social events, classes, and school partnerships.
Na Gaeil Óga CLG - Baile Átha Cliath
Is club CLG é Na Gaeil Óga CLG atá lonnaithe in Iarthar Bhaile Átha Cliath agus atá tiomanta don Ghaeilge a thabhairt beo tríd an spórt. Cruthaíonn an club deiseanna do dhaoine óga agus do phobail áitiúla an Ghaeilge a úsáid i suíomhanna laethúla, ar an bpáirc agus lasmuigh di. Trí réimse leathan gníomhaíochtaí Gaeilge, mar shampla imeachtaí sóisialta, ranganna agus comhpháirtíochtaí scoile.
Conradh na Gaeilge – Dublin
Conradh na Gaeilge is the democratic forum of the Irish-speaking community in Ireland and abroad. The organisation promotes the use of Irish through advocacy, education, and community engagement. It works with Gaeltacht and non-Gaeltacht communities alike, supporting initiatives that celebrate diversity, foster inclusion, and strengthen the role of the Irish language in modern, multicultural Ireland.
Conradh na Gaeilge – Baile Atha Cliath
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Cuireann an eagraíocht úsáid na Gaeilge chun cinn trí abhcóideacht, oideachas agus rannpháirtíocht pobail. Oibríonn sé le pobail Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta araon, ag tacú le tionscnaimh a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht, a chothaíonn cuimsiú, agus a neartaíonn ról na Gaeilge in Éirinn ilchultúrtha nua-aimseartha.
Raidió na Life – Dublin
Raidió na Life is Dublin’s Irish Language community radio station, broadcasting since 1993 on 106.4FM and online. Powered by volunteers, it offers a platform for Irish speakers of all ages to share their voices, learn new skills, and engage with the language. The station champions creativity, education, and community connection through inclusive programming and hands-on outreach with schools and local groups.
Raidió na Life – Baile Átha Cliath
Is é Raidió na Life stáisiún raidió pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath, atá ag craoladh ó 1993 ar 106.4FM agus ar líne. Agus é á reáchtáil ag oibrithe deonacha, cuireann sé ardán ar fáil do chainteoirí Gaeilge de gach aois a nguthanna a roinnt, scileanna nua a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh sa teanga. Tacaíonn an stáisiún le cruthaitheacht, oideachas, agus nasc pobail trí chláir chuimsitheacha agus for-rochtain phraiticiúil le scoileanna agus le grúpaí áitiúla
Na Gaeil CLG – Kerry
Na Gaeil CLG is a GAA club in Tralee, welcoming over 600 members from underage to senior level. Known for its strong community spirit, the club promotes Irish language and culture through sport, education, and events. With outreach with schools and local groups, and success at county and national levels, Na Gaeil fosters pride, participation, and a vibrant Irish-speaking environment for all.
Na Gaeil CLG – Ciarraí
Is club CLG Gaeilge é Na Gaeil CLG i dTrá Lí, a chuireann fáilte roimh os cionn 600 ball ó leibhéil faoi aois go leibhéal sinsearach. Tá clú agus cáil ar an gclub as a spiorad láidir pobail, agus cuireann sé teanga agus cultúr na hÉireann chun cinn trí spórt, oideachas agus imeachtaí. Le for-rochtain le scoileanna agus le grúpaí áitiúla, agus rath ar leibhéal an chontae agus ar an leibhéal náisiúnta, cothaíonn Na Gaeil mórtas, rannpháirtíocht agus timpeallacht bhríomhar Ghaeilge do chách.