NL_2022_Good Causes_Winners_Banners

Is eagraíocht dochreidte í Gaillimh le Gaeilge (Galway with Irish) a ionchorpraíonn an Ghaeilge i ngnáthshaol laethúil na Gaillimhe. Is é an toradh atá air ná cathair dhátheangach ina bhfuil an mhuinín i labhairt na Gaeilge ag fás gach lá. Cuid mhór den obair a dhéanann Gaillimh le Gaeilge is ea grá na Gaeilge a thabhairt ar ais chuig muintir, gnólachtaí agus cathair na Gaillimhe.

I measc na dtionscnamh tá Gradam Dátheangach na Gaillimhe, líonra Cairde Gaillimh le Gaeilge (Cairde Gaillimh le Gaeilge), seirbhís aistriúcháin do ghnóthaí na Gaillimhe chomh maith le tacaíocht agus comhairle d’eagraíochtaí atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a fhí isteach ina ngnóthaí laethúla.

Iarracht eile de chuid Ghaillimh le Gaeilge is ea Cosite Logainmeacha, a sholáthraíonn ainmneacha cuí Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe d’fhorbairtí foirgnimh nua sa chathair. Mar thoradh air sin, tá ainmneacha Gaeilge amháin ag 90% d’eastáit nua tithíochta anois. 

Tá baint mhór ag Gaillimh le Gaeilge freisin le líonrú gnó a eagrú, ag imeachtaí beo nó ar líne d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnó na Gaillimhe ar luach saothair cultúrtha agus fiú airgead.

B’fhéidir nach bhfuil ach na cúpla focail ag go leor againn, ach is féidir linn a chomhaontú go bhfuil an obair atá á déanamh ag Gaillimh le Gaeilge chun ár dteanga ársa a chaomhnú agus a chosaint thar a bheith tábhachtach dúinne mar phobal agus mar dhaoine. Is mór an onóir do Chúiseanna Maith an Chrannchuir Náisiúnta deis a bheith acu saothar Ghaillimh le Gaeilge a roinnt le lucht féachana níos leithne, agus i ndáiríre rud amháin a thaitin go mór leis an mbreitheamh ná an teimpléad a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go náisiúnta.