Gaelphobal Thamhlachta

Cuid bhunúsach dár bhféiniúlacht is dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus, a bhuíochas d’eagraíochtaí dála Gaelphobal Thamhlachta, tá talamh torthúil aici inar féidir léi bláthú i gcroílár phobal Thamhlachta.

Eagraíocht Ghaeilge agus chultúrtha í Gaelphobal Thamhlachta a bhfuil mar aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i gcreatlach an saoil laethúil i dTamhlacht trí imeachtaí rialta a eagrú dóibhsean sa cheantar ar maith leo an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht chairdiúil sóisialta. Ar na himeachtaí seo d’fhéadfadh imeachtaí a bheith ann mar siúlóidí clainne nó taispeántais ar stáitse nó tobshluanna fiú amháin!

I 2019 d’oscail Gaelphobal Thamhlachta caife dátheangach – Caife Aon Scéal – i gcroílár shráidbhaile Thamhlachta mar chuid d’ionad teanga agus cultúrtha Gaeilge a forbraíodh de bharr maoiniú criticiúil a chuir an Crannchur Náisiúnta ar fáil óna mhaoiniú do Dhea-Chúiseanna. Thuill oscailt an Chaife mórphoiblíocht don eagraíocht ar na meáin áitiúla agus náisiúnta a raibh méadú feasachta agus suime mar thoradh uirthi agus a bhí mar bhuaicphointe ar chruashaothar na mblianta. Chuir sé tús le ré nua don Ghaeilge i dTamhlacht trí dheis a chur ar fail do lucht labhartha na Gaeilge sa dúiche – idir chainteoirí líofa agus tosaitheoirí – trí bhuanionad sofheicthe a sholáthar le go bhféadfadh daoine teacht le chéile agus bheith ag caidreamh trí mheán na Gaeilge.

Is geall le héacht eisceachtúil í an obair atá déanta ag Gaelphobal Thamhlachta agus tá Tamhlacht curtha chun cinn dá bharr ó thaobh an chultúir is na teanga de. Agus is rí-mhaith atá Gradam Dhea-Chúiseanna na bliana seo don Ghaeilge tuillte acu.


Gaelphobal Thamhlachta is an Irish language and cultural organisation based in Tallaght whose aim is to promote the Irish language as part of the fabric of everyday life in Tallaght, organising regular events for people in the area to enjoy speaking Irish in a social, friendly setting. These events include anything from family walks, to staged performances or even flash mobs!

In 2019 Gaelphobal Thamhlachta opened the bilingual Café Aon Scéal in the heart of Tallaght Village, as part of an Irish language and cultural centre which was developed on the back of vital contributions made by National Lottery players through Good Causes funding. The opening of the Café gave the organisation intensive publicity on national and local media, driving even more awareness and interest, and was the culmination of many years’ hard work. It heralded a new beginning for the Irish language in Tallaght, giving both proficient and nascent Irish speakers in the area with a permanent and visible focal point to meet and socialise through the Irish language.

The work Gaelphobal Thamhlachta has done is nothing short of exceptional, and has really put Tallaght on the map, culturally as well as linguistically, and they are highly deserving winners of this year’s Irish Language Good Causes Award